Someone Like Me 2022 - Website Banner

Faoin gcomórtas

blueabout01
Comórtas ealaíne is ea #DuineCosúilLiom a chuireann feasacht ar mhíchumas chun cinn do dhaltaí bunscoile. Trí réimse acmhainní agus gníomhaíochtaí, tugann an comórtas le tuiscint do dhaltaí go bhfuil muid go léir cosúil le chéile, cé go mbíonn ábaltachtaí éagsúla againn. Is féidir le daltaí a gcuid foghlama a chur in iúl trí mheán na healaíne agus píosa ealaíne a chruthú i ndiaidh eolas a chur ar na hábhair a chuirfear ar fáil.
Ní hé amháin gur Comórtas Ealaíne é #DuineCosúilLiom, ach is ardán cumhachtach é freisin chun feasacht ar mhíchumas a chur chun cinn i measc daoine óga ag leibhéal na bunscolaíochta. Is é is cuspóir leis an gcomórtas sin a súile a dhíriú ar théamaí níos doimhne agus ár gcosúlachtaí agus difríochtaí ar leith a aithint. Is uirlis é do pháistí foghlaim agus páirt a ghlacadh i gcomhráite macánta agus fiosracht agus comhbhá á spreagadh.
Féach ar chuid de na buaicphointí ó Bhronnadh Duaiseanna na bliana seo caite thíos!

Céard is féidir linn a fhoghlaim?

blueabout02
  • Ionchuimsitheacht agus éagsúlacht a chur chun cinn
  • Feasacht a fhorbairt i measc páistí ar na cosúlachtaí agus ar na difríochtaí a bhaineann le hábaltachtaí daoine
  • Tuiscint ar mhothúcháin daoine a spreagadh agus caitheamh go measúil leo

 

An féidir le gach duine cur isteach ar an gcomórtas?

blueabout03
  • Is féidir le gach dalta bunscoile ó na naíonáin shóisearacha – Rang 6 cur isteach ar an gcomórtas
  • Ba bhreá linn iontrálacha a fháil ó pháistí aonair, ó rang nó fiú amháin comhiarracht ón scoil iomlán.
  • Roinn bhur gcuid iontrálacha le #DuineCosúilLiom ar líne
Tabhair spléachadh ar acmhainní na bliana seo thíos!

Céard Is Féidir Liom a Bhaint?

trophypurple
  • Nuair a chuireann do scoil isteach ar an gcomórtas, tá seans agaibh duaiseanna iontacha a bhaint, a bhfuil luach suas le €1,250 acu.
  • Beidh deis ag buaiteoirí freisin freastal ar shearmanas bronnta náisiúnta a reáchtálfar i Mí Eanáir 2025!
  • Bronnfar duaiseanna ar 1 bhuaiteoir as an gcatagóir shóisearach agus ar 1 bhuaiteoir as an gcatagóir shinsearach i ngach contae, chomh maith le 1 Bhuaiteoir Náisiúnta Sóisearach san iomlán agus 1 Buaiteoir Náisiúnta Sinsearach amháin.
  • Tabhair spléachadh ar acmhainní na bliana seo thíos!

Pleananna Ceachta

trophypurple

Plean Ceachta Sóisearach

English

Plean Ceachta Sóisearach

Gaeilge

Plean Ceachta Sinsearach

English

Plean Ceachta Sinsearach

Gaeilge

Bileog Acmhainne don Phlean Ceachta Sóisearach

English

Bileog Acmhainne don Phlean Ceachta Sóisearach

Gaeilge

Bileog Acmhainne don Phlean Ceachta Sinsearach

English

Bileog Acmhainne don Phlean Ceachta Sinsearach

Gaeilge

stepone
Céim 1:
Cuir plean ceachta i gcrích
Cliceáil ANSEO chun Plean Ceachta Sóisearach agus Plean Ceachta Sinsearach a íoslódáil
stepthreea
Céim 2:
Bí cruthaitheach

Is féidir le daltaí píosa ealaíne i bhfoirm ar bith a chruthú chun a dtuiscint ar an téama “DuineCosúilLiom” a léiriú
steptwoa
Céim 3:
Cuir lipéad ar an saothar

Ba mhaith linn a chinntiú go bhfaighidh tú féin agus na daltaí aitheantas as an obair chrua, mar sin cuir an fhoirm iontrála atá le fáil thíos le d’iontráil chomh maith le cur síos gairid a mhíníonn na smaointe agus an spreagadh a bhain leis an bpíosa a chruthaigh na daltaí (100 líon focal do na ranganna sóisearacha: 200 an líon focal do na ranganna sinsearacha)
stepfour2
Céim 4:
Cuir bhur n-iontráil isteach

Níl le déanamh ach bhur n-iontrálacha a chur sa phost chuig an seoladh thíos:

Duine Cosúil Liom, f/ch Real Nation, 94 Sráid Bhagóid Íochtarach, Baile Átha Cliath 2, XN82.
Sa chás go mbeadh píosa ealaíne ar bith rómhór nó róthrom le cur sa phost, bheimis breá sásta glacadh le grianghraif. Is féidir iad a chur chuig [email protected] 
Tabhair faoi deara: Níl aon uasmhéid i bhfeidhm maidir le líon na n-iontrálacha ceadaithe ag bhur scoil!

Spriocdháta le haghaidh iontrálacha: Aoine 15 Samhain 2024

Spriocdháta le haghaidh iontrálacha: Aoine 15 Samhain 2024

Íoslódáil an fhoirm iontrála thíos
Beidh deis ag scoileanna a chuireann iontrálacha isteach go luath roinnt trealaimh iontach a bhaint!
Cuir bhur n-iontrálacha isteach faoi Aoine 25 Deireadh Fómhair chun seans a bheith agaibh baint!
home2018two-1024x683
NDA_LOGO
Skip to content